Date(s): 26 Márta 2013
Email: aobrien@mayococo.ie
Phone: +353 (0)94 9253120
Leabharlann álainn úr oscailte ag Comhairle Contae Mhaigh Eo i mBéal Átha na Muice. Tá sé suite sa seanstáisiún traeach ar Bhóthar an Stáisiúin, agus mar chuid den fhorbairt tá 300 méadar cearnach de leabharlann mar aon le hionad cultúrtha ina reáchtálfar taispeántais, ceolchoirmeacha agus léachtaí i measc imeachtaí eile. Sa leabharlann féin tá limistéar iasachta do phaistí agus daoine fásta, cnuasach áiseanna tagartha, rannóg staire áitiúla agus limistéar foghlama ar ríomhairí. Tá áiseanna suite ann chomh maith atá feiliúnach don staidéar, taighde agus obair bhaile, agus áit le haghaidh imeachtaí do pháistí ar nós sealanna scéalaíochta agus ceardlanna.
Breathnaigh ar ghriangraif d'oscailt na Leabharlainne nua.