Tá tú anseo: An Leabharlann > Céard atá ar siúl...

What's On

Cuirfear fáilte Uí Cheallaigh romhat ag Seoladh ‘Spidey’ (Leabharlann Bhaile an Róba)

Date(s): Dé Sathairn, 20 Deireadh Fómhair 4.00i.n.

For More Information, Contact:


Email: avaughan@mayococo.ie
Phone: 094 9047923

Details:

Spidey - Carmel Uí Cheallaigh  

Seolfaidh Colmán Ó Raghallaigh, buaiteoir Gradam CBI 2012 mar aitheantas don sáréacht atá déanta aige ar son Leabhar do Pháistí in Éirinn, an chéad leabhar pictiúr de chuid Carmel Uí Cheallaigh (née Maloney) "Spidey" i Leabharlann Bhaile an Róba, Dé Sathairn 20ú Deireadh Fómhair ag 4.00i.n.

Ó Chill Mheáin, Maigh Eó ó dhúchas, tá go leor, leor altanna agus gearrscéalta foilsithe ag Carmel ins an Ireland's Own, Woman's Way agus an Bray Arts Journal le tamall anuas.

Cuireadh gearrscéal dá chuid ar an ngearrliosta don chéad chomórtas gearrscéalta de chuid Penguin/RTÉ Guide i 2010. Tá cónaí ar Charmel i mBré anois lena fear céile Noel agus a gceathrar clainne. Tá Carmel ag obair mar Leabharlannaí Sinsearach anois i Leabharlann Dhún Droma, Baile Átha Cliath.

Cuirfidh Leabharlann Chontae Mhaigh Eo fáilte Uí Cheallaigh roimh chuile dhuine, idir óg agus aosta, ag an seoladh speisialta seo i Leabharlann Bhaile an Róba, Dé Sathairn, 20ú Deireadh Fómhair ag 4.00in.

View All Library Events