Tá tú anseo: An Leabharlann > Céard atá ar siúl...

What's On

Moltaí á lorg do 'Poetry Tree' Crann Filíochta Inspioráidí (Leabharlanna Mhaigh Eo)

Date(s): faoin Aoine, 21 Meán Fómhair 

For More Information, Contact:


Email: avaughan@mayococo.ie
Phone: +353 (0) 94 9047923

Details:

Cuireann sé lúcháir ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo, ar an tSeirbhís Leabharlainne agus ar Artsquad, Lá Éigse Éireann a cheiliúradh ar an Déardaoin, 4 Deireadh Fómhair 2012.

Tá Artsquad Mhaigh Eo i mbun Crann Filíochta a dhearadh, ag baint leasa as bua na cruthaíochta atá acu go léir. Táimid ag lorg moltaí ón bpobal anois i dtaobh filíocht inspioráideach le cur ar an gcrann.

D’fhéadfadh dán de do chuid féin a mholadh nó an dán is fearr a léigh tú; is é an t-aon choinníoll ná gur spreag an dán thú ar bhealach éigin.

B’fhéidir gur thug an dán neart duit agus tú i gcruachás? B’fhéidir go bhfuil an dán mar mhana duit? B'fhéidir go dtagann dán a d’fhoghlaim tú ar scoil chun cuimhne duit, nó cuirfidh tú peann ar pháir agus dán de do chuid féin a chumadh.

Cuidigh le scaipeadh an mhisnigh agus cuir an dán inspioráideach is fearr leatsa chugainn, agus inis dúinn cén fáth a spreagann sé thú.

Ba chóir an dán agus an chúis lena spreagann sé thú a mharcáil le Poetry Tree agus a leagan isteach, a chur sa phost, nó a chur i ríomhhost chuig aon bhrainse de chuid Leabharlann Mhaigh Eo, nó chuig Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo, faoin Aoine, 21 Meán Fómhair.

Is féidir do mholadh a sheoladh chuig aon Leabharlann i Maigh Eo. Tá liosta na mbrainsí ar fáil anseo

 

View All Library Events