Date(s): Dé Céadaoin 23 Bealtaine 7.00in
Email: mayoarts@mayococo.ie
Phone: 094 904 7558
Mar chuid den chónaitheacht tabharfaidh Eoghan léamh poiblí dá chuid saothar i Leabharlann Chaisleán an Bharaigh Dé Céadaoin 25 ú Bealtaine ag 7. Cuirfear fáilte Uí Cheallaigh roimh gach éinne freastal ar an ócáid saor in aisce seo.
As Gaoth Dobhair i dTír Chonaill don scríbhneoir Eoghan Mac Giolla Bhríde. Tá dhá chnuasach gearrscéalta scríofa aige, Idir Feoil is Leathar agus Díbeartaigh, a d’fhoilsigh Coiscéim i 2002 agus 2005.
Le déanaí ghlac sé an príomhpháirt mar aisteoir sa fadscannán Silence, a léirigh Harvest Films agus South Wind Blows agus a chomh-scríobh sé le Pat Collins agus Sharon Whooley. Taispeánadh an scannán don chéad uair ag Féile Idirnáisiúnta Scannánaíochta Jameson i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra agus bhuaigh Eoghan an Michael Dwyer Discovery Award don pháirt a ghlac sé sa scannán.
In 2008 bhunaigh Eoghan an comhlacht ilmheáin, Éabhlóid, agus bíonn siad ag foilsiú leabhair agus ag léiriú cláracha faisnéise. Faoi láthair tá siad i mbun iarléirithe ar chlár faisnéise ceoil faoin fhidléir chlúiteach, John Doherty, as Tír Chonaill a stiúraigh Eoghan. Beidh an clár sin, John Doherty, Ar Leirg na Gaoithe, a chraoladh ar TG4 san fhómhar.
Tá Eoghan ag obair ar an dara leabhar páistí, Ní thuigimse daoine fásta, leabhar dánta nuachumtha a bheas á fhoilsiú ag Éabhlóid gan mhoill.
Tugann Eoghan ceardlanna scríbhneoireacht san ghearrsceálaíocht don Chiorcal Scríbhneoireachta i nGaoth Dobhair agus tá an Ciorcal faoi láthair ag obair ar chnuasach nuachumtha gearrscéalta d’arbh ainm Go dtí an Lá bán a bhéas á fhoilsiú i mí Aibreán ag Éabhlóid.
Tugann sé ranganna script scríbhneoireachta do scoláirí Acadaimh na hOllscolaíochta i nGaoth Dobhair gach bliain.