Date(s): 5 - 17 Márta
Email: librarymayo@mayococo.ie
Phone: +353 (0)94 9047922
Is féile í Seachtain na Gaeilge a spreagann úsáid theanga agus chultúr na Gaeilge. Is cuma más cainteoir dúchais nó foghlaimeoir nua atá ionat bain triail as! Tá go leor ar siúl i Leabharlanna Mhaigh Eo le haghaidh Seachtain na Gaeilge, le páistí ó bhunscoileanna áitiúla ag baint sult as seisiúin scéalaíochta le Sheena Duddy agus ag glacadh páirte i gCeardlann Drámaíochta le Rosaleen Ní Shúileabháin agus Lochlann Ó Mearáin ó Ros na Rún.
Beidh Ciorcal Craic ar siúl i Leabharlann Bhéal an Átha Déardaoin 8 Márta, tapaigh an deis chun an taispeántas den uile chineál leabhar a scríobhadh i Maigh Eo nó faoi Mhaigh Eo ó Raiftearaí go Ó Raghallaigh, idir bhailiúcháin de bhéaloideas go pictiúirleabhair do pháistí a fheiceáil. Cuirfidh saibhreas an seanchais, saibhreas na scéalaíochta agus saibhreas na scríbhneoireachta atá againn i Maigh Eo gliondar ort!
Nó cur tús le ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig níos luaith i mbliana agus buail isteach chuig Leabharlann Bhaile Chathail le haghaidh oíche cheoil agus craic!
CAISLEÁN AN BHARRAIGH
Ceardlanna drámaíochta le Lochlann Ó Mearáin - Dé Máirt 6ú Márta, 10-11 &11:30-12:30
Scéalaíocht le Sheena Duddy – Dé hAoine 9ú Márta
BÉAL AN MHUIRTHEAD
Ceardlann Drámaícohta le Rosaleen Ní Shúilleabháin in Áras Inis Gluire – Dé Máirt 13ú Márta, 11rn-1in
CATHAIR NA MART
Scéalaíocht le Sheena Duddy – Dé hAoine 16ú Márta ag 11
BAILE CHATHAIL
Ceardlanna Drámaíochta le Lochlann Ó Mearáin Dé Máirt 13ú Márta
Oíche Ghaelach sa leabharlann, ceol agus craic- Dé hAoine 16ú Márta
BÉAL AN ÁTHA
Taispeántas Leabhair ó Mhaigh Eo.
Ciorcal Craic – Déardaoin 8ú Márta ag 2.15.
BÉAL ÁTHA hAMHNAIS
Scéalaíocht le Sheena Duddy - Dé Luain 12ú Márta ag 11am
BAILE AN RÓBA
Scéalaíocht le Sheena Duddy - Dé Máirt 6ú Márta ag12.30pm
Tá liosta iomlán d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge le fáil ar www.mayococo.ie/ga nó cuir r-phost chuig gaeilge@mayococo.ie.