Tá tú anseo: An Leabharlann > Céard atá ar siúl...

What's On

Dé Céadaoin 23 Bealtaine: Léamh le hEoghan Mac Giolla Bhríde - Leabharlann Chaisleán an Bharraigh

Tá áthas mór ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo Eoghan Mac Giolla Bhríde a fhógairt mar Scríbhneoir Cónaithe Mhaigh Eo 2012. Mar chuid den chónaitheacht tabharfaidh Eoghan léamh poiblí dá chuid saothar i Leabharlann Chaisleán an Bharaigh Dé Céadaoin 25 ú Bealtaine ag 7. Cuirfear fáilte Uí Cheallaigh roimh gach éinne freastal ar an ócáid saor in aisce seo.


5 - 17 Márta: Seachtain na Gaeilge i Leabharlanna Mhaigh Eo - Leabharlanna Mhaigh Eo

Is féile í Seachtain na Gaeilge a spreagann úsáid theanga agus chultúr na Gaeilge. Is cuma más cainteoir dúchais nó foghlaimeoir nua atá ionat bain triail as! Tá go leor ar siúl i Leabharlanna Mhaigh Eo le haghaidh Seachtain na Gaeilge, le páistí ó bhunscoileanna áitiúla ag baint sult as seisiúin scéalaíochta le Sheena Duddy agus ag glacadh páirte i gCeardlann Drámaíochta le Rosaleen Ní Shúileabháin agus Lochlann Ó Mearáin ó Ros na Rún.


Déardaoin 28 Aibreán: Ceol Traidisiúnta i Leabharlann Chlár Chlainne Mhuiris
- Leabharlann Chlár Chlainne Mhuiris

Beidh duine de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír, Oisín Mac Diarmada as Co. Shligigh, ag casadh i Leabharlann an bhaile i gClár Chlainne Mhuiris ar an Déardaoin an 28 Aibreáin ag a 8.30 in.


5ú-17ú Márta: Seachtain na Gaeilge 2011 - Leabharlanna Chontae Mhaigh Eo

Tá Seachtain na Gaeilge chugainn arís agus tá súil againn go mbeidh spraoi agus craic ag cách. Tugann Seachtain na Gaeilge deis do dhaoine pé Gaeilge atá acu á úsáid agus tá súil againn go ndéanfar sin!