Cláraigh mar Bhall den Leabharlann
Cén chaoi ar féidir liom clárú mar bhall den leabharlann?
A) Is féidir leat bualadh isteach chuig do leabharlann áitiúil agus an fhoirm chláraithe a líonadh isteach. Tabhair leat fianaise ar do sheoladh faoi láthair agus aitheantas fótagrafach. Glactar le pas, ceadúnas tiomána, nó cárta mic léinn mar fhianaise fhotagrafach. I measc na rudaí a nglacfar leo mar fhianaise ar sheoladh, tá bille a fuair tú le déanaí, litir le do sheoladh air, nó litir ó do thiarna talún.
B) Is féidir leat clárú mar bhall de Leabharlann Chontae Mhaigh Eo ar líne anois. Ní mór duit na bearnaí uile marcáilte le * a líonadh isteach ar an bhfoirm ar líne. Beidh tú in ann rudaí a chur in áirithe as sin amach, ach chun rudaí a thógáil ar iasacht beidh ort do chárta leabharlainne a phiocadh suas. Buail isteach chuig brainse ar bith den leabharlann le cruthúnas ar do sheoladh agus aitheantas fótagrafach. Glactar le pas, ceadúnas tiomána, nó cárta mic léinn mar fhianaise fhotagrafach. I measc na rudaí a nglacfar leo mar fhianaise ar sheoladh, tá bille a fuair tú le déanaí, litir le do sheoladh air, nó litir ó do thiarna talún.
Má tá tú faoi bhun 18 mbliana d'aois beidh ort do thuismitheoir nó caomhnóir a bhreith leat le foirm a shíniú chun cead a thabhairt duit an an leabharlann a úsáid. Ní mór don fhoirm seo a bheith sínithe laistigh den leabharlann.
Cé mhéad rudaí ar féidir liom a thógáil ar iasacht? Is féidir leat 12 rud a thógáil ar iasachti láthair na huaire, agus is féidir leat iad a mhalartú chomh minic agus is mian leat.
Cad is féidir liom a fháil ar iasacht? Tá leabhair, físeáin, DVDanna, uirlisí ceoil, dlúthdhioscaí ceoil ar fáil ar iasacht duit, chomh maith le rochtain saor in aisce agat ar an tseirbhís leabharlainne ar líne, áit ar féidir leat teacht ar ríomhleabhair, ríomhchlosleabhair, ríomhirisí daite, nuachtáin ar líne, áis ríomhfhoghlama ar líne le breis is 400 cúrsa agus áis foghlama teangacha a chuirfidh oiliúint ort maidir le comhrá a bheith agat i mbreis is 70 teanga.
Cén fhad ar féidir liom rud a choinneáil? 3 seachtaine ar a mhéid. Is féidir rudaí a athnuachan chomh fada agus nach bhfuil siad ag teastáil ó chustaiméirí eile. Murar féidir leat cuairt a thabhairt ar an leabharlann is féidir do thréimhse iasachta a shíneadh ach glaoch a chur ar an leabharlann, nó ar shuíomh idirlín na leabharlainne.
Cad é an scéal mura bhfuil an rud atá uaim ar na seilfeanna? Tá gach rud i leabharlanna Mhaigh Eo cláraithe i gcatalóg náisiúnta atá oscailte don phobal, agus is féidir rud ar bith a fháil ach é a chuardach agus a iarraidh tríd an gcóras iarratais. Is féidir rudaí nach bhfuil ar fáil i Maigh Eo a iarraidh tríd ár gcóras iasachta idirleabharlainne


